Naíscoil agus Gaelscoil na Speiríní ag foghlaim amuigh faoin aer

Tá Naíscoil agus Gaelscoil na Speiríní ag déanamh lear mór foghlama amuigh faoin aer faoi láthair  agus bhuail Meon Eile isteach chucu le tuilleadh a fháil amach faoin tionscadal seo.

Thosaigh an 'seomra ranga faoin aer' mar fhís ag foireann éiceolaíoch na scoile agus is léir go bhfuil sé ag dul ó neart go neart.

Tá Lára de Brúntún, múinteoir Rang 1, den bharúil go bhfuil an fhoghlam faoin aer go hiontach do pháistí, go háirithe agus cúrsaí Covid-19 i mbéal an phobail go fóill. Chomh maith leis sin, bíonn deis ag páistí ceangal leis an nádúr atá thart timpeall orthu.

Cuireann an dúlra deiseanna foghlama iontacha ar fáil agus is féidir é a nascadh leis an churaclam go furasta chun ceachtanna a chumadh do na daltaí.

Tá áiseanna den scoth taobh amuigh ag Naíscoil agus i nGaelscoil na Speiríní don fhoghlaim faoin aer.

Close
Close