Na Weatherbies: Ag foghlaim faoin timpeallacht trí Ghaeilge

Is sraith leabhar do pháistí é Na Weatherbies a phléann leis an timpeallacht agus ina bhfuil carachtair bheoga amhail Tomás Toirneach agus Síle Sneachta.

Tá áthas ar fhoireann na sraithe go bhfuil tairiscint ceithre bliana faighte acu ón Údarás Oideachais ó thuaidh chun níos mó áiseanna a chur ar fáil do pháistí bunscoile.

Chruthaigh Yvonne Fleming na scéalta seo do pháistí saici féin nuair a mhol fear céile, Peter Fleming, di leabhar a scríobh.

Anois tá 8 leabhar foilsithe ag Na Weatherbies i nGaeilge agus i mBéarla. Ina measc tá ríomhleabhair agus closleabhair, chomh maith le sraith bheochana i gcomhar le BBC Gaeilge.

Is í Corey Hanna atá i mbun chuntais meán sóisialta Na Weatherbies agus a labhraíonn sa chlosleabhair fosta. Bhí deis ag Meon Eile cuairt a thabhairt ar lá taifeadta sacu agus labhair muid le Corey faoin tábhacht a bhaineann leis an tsraith do pháistí bunscoile sa Tuaisceart, go háirithe mar go mbíonn Gaeilge Uladh in úsáid sna leabhair Ghaeilge. 

 Yvonne paiseanta faoin timpeallacht agus dinis sí dúinn faoin fáth a bhfuil siad chomh tiomanta achan leabhar agus ais a chruthú agus a fhoilsiú go dátheangach, le nach mbeidh páistí an Ghaeloideachais fágtha i leataobh. Baineann Yvonne sult agus tairbhe as an obair a dhéanann sí le Corey agus le fear chéile saici Peter, a chumann an ceol do na hamhráin.

Téigh anseo s maith leat tuilleadh eolais a fháil ar Na Weatherbies.

Close
Close