Ag teagasc i gCatar... as Éirinn

Is cinnte go bhfuil an saol athraithe go mór ó chuala muid faoi phandéim COVID-19 den chéad uair. Leis na hathruithe sin uilig, tháinig an cinneadh le saol na múinteoireachta a chur ar líne agus rinne formhór na múinteoirí atá lonnaithe thar lear an cinneadh teacht abhaile le linn na dianghlasála.

Labhair Corrie Ní Mhuirí le Meon Eile faoin mhúinteoireacht atá á déanamh ar líne aici faoi láthair. Is múinteoir í Corrie i gCatar agus tá uaireanta an lae iontach difrúil aici ón chuid eile dá teaghlach.

Mar gheall ar an difríocht ama, tosaíonn Corrie a lá oibre ar a cúig a chlog ar maidin agus críochnaíonn sí ar mheán lae. Tugann sí léargas dúinn ar an obair atá le déanamh aici ar líne agus ar an ghnáthlá atá aici agus í ag teagasc ón bhaile.

Close
Close