Lá Oscailte Choláiste Feirste

Eagraíodh Lá Oscailte ag Coláiste Feirste in Iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn chun fearadh na fáilte a chur roimh aon teaghlach a bhfuil suim acu a gcuid páistí a chur isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Lá den scoth a bhí ann agus atmaisféar cairdiúil le mothú timpeall na scoile ó thús deireadh. Tugadh camchuairt thart ar Spórtlann na hÉireann agus ina dhiaidh sin cuireadh fáilte roimh an slua iomlán suí sa halla le blaiseadh a fháil de shaol na scoile: óráidí, ceol agus dráma san áireamh. Tugadh iad ar camchuairt eile timpeall na scoile agus taispeánadh na seomraí ranga Eolaíochta, Eacnamaíochta Baile, Béarla, Gaeilge, Ealaíon agus eile dóibh. Ag deireadh an lae, bhí an deis ag gach duine bailiú sa bhialann le haghaidh cupán tae agus comhrá.

Tá fás agus forbairt ollmhór tagtha ar Choláiste Feirste agus ar an phobal thart uirthi ó bunaíodh an scoil in 1991, tráth a raibh ‘Meánscoil Feirste uirthi. Tá an scoil anois 35 bliana ar an fhód agus breis agus míle dalta ag freastal uirthi. 

Bhí Meon Eile i láthair ag an Lá Oscailte agus labhair muid le Príomhoide na Scoile, Micheál Mac Giolla Ghunna, agus leis an tuismitheoir agus iardhalta, Estelle Nic Eoin. 

Dá mba mhaith leat suim a léiriú in áit do do pháiste féin i gColáiste Feirste, is féidir dul i dteagmháil leo ar 028 9032 0707 nó trí ríomhphost ar [email protected] 

Close
Close