Lá Eorpach na dTeangacha á chéiliúradh i dTír Eoghain

Bíonn Lá Eorpach na dTeangacha á chéiliúradh achan bhliain ar an 26ú de mhí Mheán Fómhair. Chuir Comhairle na hEorpa tús leis sa bhliain 2001 agus an aidhm a bhí acu ná foghlaim na dteangacha a spreagadh agus tuiscint ilchultúrtha a chothú ar fud na hEorpa.

Mar chuid den lá seo, bíonn Gael Linn agus Gaelbhratach ag comhoibriú le chéile leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. I mbliaina, seoladh an tógra s’acu ‘#Cadiscúis?’ ar na meáin shóisialta. Tá an dá eagraíocht tiománta buntáistí an dátheangachais a léiriú tríd an tógra: is é an sprioc atá leis ná go dtarlaíodh an méid is mó ceachtanna Gaeilge agus is féidir thart an tír ar an lá céanna.

Bhí bunscoil Tummery i dTír Eoghain ar cheann de na bunscoileanna a ghlac páirt i Lá Eorpach na dTeangacha agus thug Meon Eile cuairt orthu, in éineacht le Séamas Mac Eochaidh ó Ghael Linn. Cé gur scoil Bhearla é, bíonn ranganna Gaeilge ann gach seachtain, eagraithe ag an mhúinteoir Catherine Boyle, agus baineann na páistí úsáid as a gcuid Gaeilge achan lá. 

Labhair muid le Catherine faoin sult a bhaineann na páistí as na ceachtanna Gaeilge agus le príomhoide na scoile, Conor McCrystall, faoi cé chomh tábhachtach is atá sé do na daltaí an dara teanga a fhoghlaim agus a úsáid i scoil bheag faoin tuath. Labhair muid fosta le Séamas ó Ghael Linn faoi Lá Eorpach na dTeangacha agus faoin obair mhór mhaith atá ar bun in Tummery.

Close
Close