Lá Eolais TICO i gColáiste Ollscoile Naomh Muire

Cuireadh Lá Eolais ar fáil i gColáiste Ollscoile Naomh Muire ar na meallaibh don dá chúrsa iarchéime do mhúinteoirí, an cúrsa TICO Bunscolaíochta i gColáiste Naomh Muire agus an cúrsa Gaeilge agus Gaeloideachais in Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh do mhic léinn Iarbhunscoile.

Bhí fearadh na fáilte roimh dhaoine teacht agus tuilleadh eolais a fháil faoin dá chúrsa, ón Dr Gabrielle Nig Uidhir, an Dr Seán Mac Corraidh agus an tUasal Thomas Rogan.

Bíonn líon an-mhór daoine ag cur isteach ar an chúrsa TICO bliain i ndiaidh bliana. Ní thiocfadh leat áit níos fearr a fháil ná Coláiste Naomh Muire maidir le spreagadh agus tacaíocht, agus tá an cúrsa deartha le bheith ag forbairt céim ar chéim ionas go mbíonn deis ag na mic léinn aithne a chur ar a chéile agus dul i dtaithí ar an chúrsa. Tá leathchuid den chúrsa bliana bunaithe sna scoileanna agus mar sin de is bliain thar a bheith praiticiúil agus gníomhach é.

Labhair Meon Eile leis an Dr Seán Mac Corraidh, léachtóir sinsearach agus comheagraí ar an chúrsa feabhsúcháin sa Ghaeilge agus sa Ghaelscolaíocht do mhic léinn PGCE ar Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh. Labhair muid fosta leis an Dr Gabrielle Nig Uidhir, teagascóir sinsearach forbartha agus ceann foirne ar chlár TICO.

Is é an 24 Feabhra 2023 an spriocdháta don chúrsa TICO Bunscolaíochta le Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo. Is le hOllscoil na Banríona nó Ollscoil Uladh a chlaraíonn daoine ar an chúrsa Iarbhunscolaíochta.

Close
Close