Blaiseadh de na coláistí samhraidh le fáil ar líne le Gaeltacht X


Cuireadh na cúrsaí samhraidh i ngach coláiste Gaeltachta ar ceal arís i mbliana agus idir dhaltaí agus mhuintir na Gaeltachta ag cailleadh amach dá bharr. Tá cúrsa Gaeltachta ar líne eagraithe ag Conradh na Gaeilge don dara bliain as a chéile chun blaiseadh beag den eispéireas a thairiscint don aos óg le linn an tsamhraidh. 

Tá an leathanach Gaeltacht X ar Instagram agus TikTok, áit a gcuirtear comórtais iontacha, físeáin bhríomhara, agallaimh éagsúla agus níos mó lena chois ar fáil saor in aisce do leantóirí an tionscadail.  

Tá ochtar ceannairí  ó gach cearn den tír i gceannas ar an leathanach i mbliana agus iad uilig gníomhach ar na meáin shóisialta Ghaeilge. Labhair muid le hÁine Ní Dhonnaile as cathair Dhoire agus le Barry Sugrue as Ciarraí faoin tionscadal, faoi impleachtaí na paindéime do na cúrsaí samhraidh agus cad a spreag iad an t-eispéireas Gaeltachta a chur ar fáil ar bhealach iomlán difriúil i mbliana. 

Is féidir Gaeltacht X a leanúint ar Instagram agus ar TikTok ag @gaeltachtx chun blaisín de spraoi na Gaeltachta a bheith agat an samhradh seo.

Close
Close