Gaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin - 20 bliain ag fás

Tá Gaelscoil Phádraig Naofa ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana. Is sruth Gaeilge í Gaelscoil Phádraig Naofa in St Patrick's Primary School. Tá an dá scoil suite ar an láthair chéanna faoi chúram an phríomhoide, Mr Madine.

Tá an scoil agus an pobal Gaeilge áitiúil ag dul ó neart go neart i rith ama. Bíonn an scoil lárnach i bhforbairt agus fás an phobail, go háirithe leis an obair chrua atá ar siúl ag Brídín Ní Shúilleabháin, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas. Tá clú ar Ard Mhacha Theas mar cheantar saibhir ó thaobh an chultúir agus an traidisiúin de, amhránaíocht ar an tsean-nós go speisialta.

Tá an todhchaí agus an Ghaeilge slán i ndeisceart Ard Mhacha agus tugann pobal cumhachtach tiomanta mar seo dóchas nach beag do phobal na Gaeilge i gCúige Uladh go mbeidh na glúnta atá le teacht chomh spreagtha céanna le gníomhaithe an lae inniu .

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil ar na mallaibh agus bhí an deis againn bualadh isteach chuig na seomraí ranga go léir agus iad i mbun ceachtanna éagsúla. Labhair muid le Comhordaitheoir Riachtanais Speisialta, Múinteoir Barra, le comhordaitheoir na Gaelscoile, Múinteoir Aisling, agus le ceathrar daltaí ón scoil; Méabh, Phelim, Saorlaith agus Donncha.

Close
Close