Gaelscoil na Móna ag ceiliúradh 25 bliana

Bhailigh pobal Ghaelscoil na Móna le chéile i Spás Comhroinnte an tSléibhe Dhuibh in iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh le 25 bliana den scoil a cheiliúradh.

Bunaíodh an scoil sa bhliain 2000 le seisear páistí agus anois tá níos mó ná 100 dalta ag freastal ar an scoil, atá lonnaithe i Lóiste na Móna.

Is í Caireann Uí Mhuireagáin príomhoide na scoile ó chéad oscail na doirse 25 bliana ó shin. Labhair Meon Eile léi faoi na dúshláin a bhí acu mar Ghaelscoil bheag bdeach gan mórán maoinithe ag an tús. 

Dinis sí dúinn faoin bhród a mhothaíonn sí ceathrú céid níos moille, go háirithe le Rang 7 ag bogadh ar aghaidh chun na meánscoile. Ghabh sí bhuíochas leis na daoine a bhí bainteach le bunú na scoile, Matt Lundy, gníomhaí aitheanta, a fuair bás in 2023, san áireamh.

Bhí ionadaí ó Chomhairle na Gaelscolaíochta i láthair ag an cheiliúradh. Tugann an eagraíocht tacaíocht don earnáil Gaelscolaíochta agus labhair muid leis an Phríomhfheidhmeannach, Maria Thomasson. Mhol Maria obair Ghaelscoil na Móna go hard na spéire, ag caint faoin scoilphobal beo bríomhar, rud a bhí soiléir ar an lá.

Chomh maith le daltaí, iardhaltaí agus tuismitheoirí, bhí baill de Shinn Féin i láthair chomh maith. Chuidigh an páirtí go mór le maoiniú a fháil don scoil sna luathlaethanta. 

Is Comhalta den Tionól é Pat Sheehan agus dúirt sé go bhfuil sé paiseanta os mó tacaíochta a fháil dearnáil na Gaelscolaíochta ó thaobh baill foirne a bhfuil scileanna speisialaithe acu: síceolaithe nó iad siúd a oibríonn le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu. 

Tá Sheehan den tuairim gur cheart dachan piste na seirbhísí seo a bheith acu, agus go bhfuil ceart ag daltaí Gaelscoile na seirbhísí seo a bheith curtha ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge.

Labhair sé linn faoin reachtaíocht atá á moladh aige agus atá ag dul os comhair an Tionóil, is é sin an Bille um Oideachas trí mheán na Gaeilge (Plean don Lucht Oibre). Rachaidh an bille seo i bhfeidhm ar chuid de na dúshláin a bhíonn ag an earnáil Gaelscolaíochta ó thaobh lucht oibre de. Má éiríonn leis, fágfaidh sé go mbeidh dualgas ar an Roinn Oideachais tacaíocht a thabhairt do Ghaelscoileanna ionas go mbeidh raon cuimsitheach oibrithe acu. 

Close
Close