Gaelbhratach 2022

Is scéim spreagúil í an scéim 'Gaelbhratach' a eagraíonn Gael Linn do mheánscoileanna fud fad na tíre chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí Meon Eile i láthair ag bronnadh na scéime in DCU an tseachtain seo caite lena fháil amach a thuilleadh faoi ón lucht eagraithe agus ó dhaltaí na scoileanna féin.

Cuirtear coiste le chéile ar scoil agus oibríonn an coiste sin chun imeachtaí trí mheán na Gaeilge a eagrú i rith na bliana. Is féidir céilithe, tae agus plé ag am sosa agus neart imeachtaí eile a reáchtáil mar chuid de 'Gaelbhratach'.

Ní comórtas atá i gceist leis an scéim a dúirt Edel Ní Bhraonáin ó Gael Linn, aithnítear gach scoil a chuireann isteach air.

Bhí Jamie Ó Flannúra mar fhear an tí agus Caoimhe Ní Chathail mar bhean an tí ar an lá. Thaitin sé go mór le Jamie na daltaí ar fad a fheiceáil agus cloisteáil faoin dea-obair a bhí ar bun acu.

Bhí Mairidh Nic Cormaic ar an phaineál cainte agus bhain sí an-sult as insint do na daltaí scoile ar fad faoi na buntáistí a bhaineann leis an teanga.

Labhair muid le Méabh Ní Chonaill ó Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhúirne, chomh maith le daltaí Ghaelcholáiste Chiarraí, Oisín Ó Muirí agus Ella Nic Gabhann, faoina dtaithí ar an scéim.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi 'Gaelbhratach' anseo.

Close
Close