Dúchas sa Cheol

Bhí ócáid ag Conradh na Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le déanaí, áit a ndearna an Dr Lauren Ní Néill iniúchadh ar logainmneacha Uladh agus ar na hamhráin ina bhfuil siad luaite.


In éineacht le Lauren bhí Caitríona Ní Ghribín, ceoltóir as Dún na nGall a rinne máistreacht sa cheol agus a rinne staidéar ar shean-amhráin thraidisiúnta agus ar a mbunús.


Meascán de léachtaí agus d'amhráin a bhí san ócáid agus Lauren ag seinm na cruite agus Catríona ar an bhosca ceoil agus ag canadh. 
Tá leabhar faoi logainmneacha foilsithe ag Conradh na Gaeilge, chomh maith le podchraoladh, agus tá an dá cheann acu le fáil anseo.
Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid agus labhair muid le Lauren agus Caitríona a bhí ag súil leis an ócáid a thabhairt chuig níos mó contaetha ar fud an Tuaiscirt.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close