'Cúl Trá-il' in Iarsmalann Daonchultúir Uladh

An mhí seo caite d’fhoilsigh Iarsmalann Daonchultúir Uladh, atá lonnaithe i gCúl Trá i dtuaisceart an Dúin, leabhrán agus aip úr threoraithe darb ainm Cúl Trá-il.

Tugann Cúl Trá-il cuairteoirí ar thuras Gaeilge trí na háiteanna agus na pearsana san Iarsmalann - na seantithe, eaglaisí, cúirteanna agus na spásanna ar leith eile atá ar taispeáint ann, sin agus na daoine lena mbaineann scéal na Gaeilge i gCúige Uladh.

Tá príomhcharachtar san aip, is é sin Fear an Phoist, a thugann treoracha agus cur síos duit ar gach stop den turas, mar aon le cúlchaint mhuintir na háite le tuiscint níos fearr a thabhairt ar shaol na linne sin!

Tá íomhánna galánta agus scéaltaí spéisiúla le fáil sa leabhrán fosta.

Thug Meon Eile cuairt ar an Iarsmalann ar na mallaibh, áit ar bhuail muid le Dónal McAnallen, a mhínigh ról na Gaeilge sa stair agus fiúntas an turais nua.

Chun Cúl Trá-il a fháil níl le déanamh agat ach an aip ‘Smartify’ a íoslódáil agus ‘Ulster Folk Museum’ a chuardach.

Tá tuilleadh eolais ar Iarsmalann Daonchultúir Uladh le fáil anseo.

Close
Close