'Conspóid' faoi chomharthaíocht dhátheangach in Ollscoil Uladh

Ghlac Comhairle na Mac Léinn in Ollscoil Uladh cinneadh ar na mallaibh comharthaíocht dhátheangach (Béarla agus Gaeilge) a chrochadh nuair is gá comharthaíocht nua a chur in airde san ollscoil, tar éis gur chuir Cumann Gaelach na hOllscoile moladh faoina mbráid.

Bhí roinnt comharthaíocht dhátheangach ann san am a chuaigh thart ach de réir a chéile d'imigh an Ghaeilge as radharc sna spásanna comhroinnte i gcampais na hOllscoile.

Glacadh an cinneadh nua trí phróiseas daonlathach a mhair tréimhse trí bliana ach anois tá grúpa aontachtach sa choláiste, ‘The Young Unionists’, craobh óige an UUP, ag cur in éadan an chinnidh.

Dar leo gur “teach fuar” a bheadh san Ollscoil d'aontachtaithe dá gcuirfí comharthaíocht Ghaeilge in airde mórthimpeall na gcampas.

Tá ráiteas tugtha ag Aontas Mac Léinn Ollscoil Uladh ar an ghearán sin, áfach:

“UUSU is committed to upholding the spirit of good relations in all aspects of its activity, including in facilitating healthy debate. The motion in question was put forward by a member of the Students’ Union Council, which is a diverse body made up of students from a range of communities and backgrounds and was subsequently passed.”

Cad a tharlóidh anois sa díospóireacht is déanaí seo maidir le comharthaí?

Close
Close