Cead pleanála faighte ag Gaelcholáiste Dhoire

Tá cead pleanála faighte ag Gaelcholáiste Dhoire chun tuilleadh seomraí ranga a thógáil ar shuíomh na scoile i nDún Geimhin.

I measc na bpleananna tá 10 seomra ranga chomh maith le svuít iomlán teicneolaíochta, svuít ealaíne agus svuít cheoil.

Beidh fáil ag an Ghaelcholáiste anois ar an seanionad spóirt i nDún Geimhin fosta mar cheannaigh an Roinn Oideachais an foirgneamh ar na mallaibh. Is rud ionatch é seo don scoil mar beidh halla spóirt, seomraí feistis agus neart eile acu chomh maith.

Chuaigh Meon Eile i dteagmháil le Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide na scoile, le labhairt ar an fhorbairt atá beartaithe.

Close
Close