Athruithe beaga ar son an phláinéid


Anois agus 2021 buailte linn, tá sé mar rún na hathbhliana ag go leor againn níos mó a dhéanamh ar mhaithe leis an timpeallacht. Labhair Cait Grant as Doire le Meon Eile faoi na hathruithe beaga is féidir linn uilig a dhéanamh ar son an Domhain Mhóir.

Deirtear nach bhfuil ach 10 mbliana fágtha againn chun an t-athrú aeráide a stopadh agus tá sé de dhualgas orainn uilig ár ndícheall a dhéanamh lenár lorg carbóin a laghdú. Agus tá rudaí beaga simplí ann is féidir linn a dhéanamh chun cuidiú linn.

Tá na cupáin in-athúsáidte ag éirí níos coitianta achan bhliain agus is minic a chuireann caiféanna lacáiste ar fáil do dhaoine a bhfuil cupán in-athúsáidte acu. 

Ceann de na hathruithe is fusa agus is fearr ná a bheith ag siúl nó ag rothaíocht in áit an carr a thiomáint go rialta. Muna bhfuil sin indéanta, is féidir linn uilig an córas iompar poiblí a úsáid sna cathracha móra. 

Is minic anois a tchítear sifíní in-athúsáidte nó sifíní atá déanta as páipéar agus dar ndóigh is féidir do chuid málaí a athúsáid chomh maith. 

Ar na mallaibh, tá an-taighde déanta ar éifeacht na feola ar chúrsaí timpeallachta ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa. Mar gheall air seo, tá i bhfad níos mó daoine ag baint triail as aiste bia feoilshéantach.

Close
Close