Athrú ó bhonn déanta maidir le torthaí Ardleibhéil

Agus torthaí GCSE ag teacht amach inniu tá sé ráite ag an Aire Oideachais, Peter Weir, go mbeidh na torthaí bunaithe ar thuar na múinteoirí agus air sin amháin.

Chothaigh an dóigh ar láimhseáladh torthaí Ardleibhéil go leor conspóide an tseachtain seo caite nuair a fuair céatadán mór de mhic léinn torthaí a bhí níos ísle ná a tuaradh roimhe ré.

Labhair cúpla mac léinn le Meon Eile faoin bhealach ar tugadh na torthaí Ardleibhéil amach agus faoin athrú ó bhonn atá déanta ag an rialtas anois mar gheall ar an olc a bhí ar mhic léinn, tuismitheoirí agus múinteoirí araon.

Tá Peter Weir ag iarraidh anois nach mbeidh mic léinn an Tuaiscirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena gcuid piaraí in áiteanna eile agus táthar go fóill ag fanacht le fáil amach cén réiteach a mholfaidh an tAire ar an fhadhb.

Close
Close