Athbhreithniú Breithiúnach Ceadaithe do Ghaelscoil an Lonnáin

Tá athbhreithniú breithiúnach ceadaithe ag an Ard-Chúirt do thuismitheoir pháiste ó Ghaelscoil an Lonnáin i mBéal Feirste mar gheall ar chinneadh a rinne an tAire Oideachais, Peter Weir, gan ligean don scoil bogadh go suíomh úr.

Deir dlíodóirí Michael Flanigan nár chloígh Peter Weir leis an fhreagracht reachtúil atá air oideachas trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sna sé chondae.

Dar leis na dlíodóirí go bhfuil suíomh Ghaelscoil an Lonnáin faoi láthair anois róbheag agus sriantach do phobal na scoile.

Tá 60 dalta sa scoil ach níl a dhóthain spáis ann dóibh cur leis an líon sin daltaí amach anseo.

Chuir Bord Gobharnóirí na scoile moladh athlonnaithe isteach chuig an Roinn Oideachais sa bhliain 2015 agus an aidhm acu an scoil a bhogadh chuig sean-suíomh Scoil Naomh Comhghall.

Dúradh go raibh tacaíocht faighte acu ó Údarás an Oideachais, Údarás an Oideachais agus na Traenála agus Comhairle na Gaelscolaíochta.

Níor cheadaigh an tAire Weir an t-iarratas sin i mí an Mheithimh agus tuairiscítear gur inmharthantacht na scoile a spreag an cinneadh gan cead a thabhairt don scoil athlonnú.

Ceadaíodh an t-athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt an tseachtain seo caite agus tá siad ag súil le héisteacht chuimsitheach sa bhliain úr.

D’iarr Meon Eile ráiteas ar an Roinn Oideachais agus dúirt urlabhraí de chuid na Roinne “The decision on the Development Proposal for the relocation of Gaelscoil an Lonnáin is now the subject of a legal challenge. It would therefore be inappropriate to comment while the proceedings are ongoing.”

Gaelscoil an Lonnáin
Close
Close