Ar ais ar scoil le Naíscoil na Caille, Ard Mhacha

Tá na scoileanna ar ais don bhliain úr agus páistí timpeall na tíre ag cur tús le haistear iomlán nua, go háirithe iad siúd atá i ndiaidh tosnú ar an naíscoil. Thug Meon Eile cuairt ar Naíscoil na Caille i gCathair Ard Mhacha an tseachtain seo agus na páistí go léir ag socrú isteach.  

Osclaíodh Naíscoil na Caille in 2017 agus é lonnaithe sa ‘Desert Lodge Nursery’, rud a oibríonn go maith dóibh mar is minic a chuireann tuismitheoirí a gcuid páistí ar an Desert Lodge ar dtús agus ansin, le himeacht ama agus tuilleadh eolais acu ar an Ghaelscolaíocht, cinneann siad ar iad a chur chuig an naíscoil béal dorais.

Ina dhiaidh sin, bíonn neart tuismitheoirí ag iarraidh go leanfadh a bpáistí ar aghaidh chuig bunscoil Ghaeilge mar sin de tá ról iontach tábhachtach ag Naíscoil na Caille i bhforbairt an Ghaeloideachais sa chathair.

Tá córas an Ghaeloideachais láidir in Ard Mhacha, le cúpla naíscoil, Bunscoil na mBráithre Críostaí agus Coláiste Chaitríona. Mhínigh Orlagh Uí Cheallaigh, múinteoir i Naíscoil na Caille, go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar líon na dtuismitheoirí atá ag iarraidh a gcuid páistí a chur fríd an Ghaeloideachas. Tá rang Orlagh iomlán lán i mbliana agus 16 dhalta ann.

Guíonn Meon Eile gach rath ar na páistí agus ar na daoine óga ar fad agus iad ag cur tús le bliain úrnua ar scoil.

Close
Close