‘An Foréigean Inscne agus Léann na Gaeilge’ - Siompóisiam in Ollscoil na Banríona

Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan a bhí ann ar na mallaibh agus mar chuid de d’eagraigh Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, siompóisiam ar leith faoin téama ‘An foréigean inscne agus léann na Gaeilge’.

Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur fhulaing duine as gach triúr ban ar fud an domhain foréigean inscne ina saol. Is mar gheall ar an líon suntasach seo a shíleann an Dr. Síobhra Aiken ó Ollscoil na Banríona go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go labhródh daoine go hoscailte faoin ábhar, fiú má tá sé deacair nó tromchúiseach.

Chuir an Dr. Caitríona Ní Chléirchín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, taighde i láthair faoin fhoréigean i bhFilíocht Chomhaimseartha na mBan, ag díriú ar shaothar filíochta an scríbhneora aitheanta, Áine Ní Ghlinn. Tá Caitríona iontach paiseanta faoin ábhar agus mhínigh sí an tábhacht a bhaineann le guth na mban a chur chun cinn agus a cheiliúradh agus iad ag caint faoina taithí saoil, go háirithe ó thaobh an fhoréigin de.

Thug an Dr. Peter Weakliam ó Choláiste na Tríonóide léargas suimiúil ar na himpleachtaí eiticiúla atá ann maidir leis an fhoréigean san fhicsean.

Roinn sé taighde leis an lucht féachana ar na freagrachtaí atá ar scríbhneoirí, agus orainne mar léitheoirí leabhar, mar lucht féachana scannán nó mar imreoirí cluichí ríomhaire fiú, is é sin go gcaithfeadh muid a bheith airdeallach má bhíonn aon ábhar foréigneach ann.

Labhair Peter linn fosta faoi cé chomh riachtanach is atá sé go mbeadh daoine ó gach cúlra ag plé cúrsaí foréigin, le go mbeadh muid mar shochaí in ann dul i ngleic leis, agus mhol sé Ollscoil na Banríona as an timpeallacht sin a chur ar fáil le linn an tsiompóisiam.

Close
Close