An chéad lá ar scoil i gColáiste Feirste

Tá tús curtha leis an scoilbhliain nua i gColáiste Feirste agus an tseachtain seo chuir an fhoireann fáilte mhór roimh na scoláirí úra ar an Lá Ionduchtúcháin.

Is cinnte go raibh cuid mhaith mothúcháin dhifriúla ann - tógtha, neirbhíseach agus gach rud eatarthu - ach chuidigh an lá seo chun suaimhneas a chur ar na daltaí agus iad ag tosú ar a n-aistear scoile nua.

Is é seo an bliainghrúpa is mó i gColáiste Feirste riamh agus níos mó ná 150 dalta ag teacht isteach chun na scoile. Cé gur dúshlán nach beag é, tá an fhoireann dírithe ar eispéireas scoile spéisialta a chruthú d’achan scoláire.

Labhair Meon Eile le Mairsile Nic Cába agus Emer Mhic an Fhailí faoin lá féin agus faoin phlean atá acu don bhliain gnóthach atá amach rompu. Labhair muid fosta le hEmer, scoláire ó Bhliain 8, faoin dóigh a bhfuil sí ag mothú i ndiaidh an lae mhóir.

Close
Close