An chéad Ghaelscoil chun an gradam TOPS a bhaint amach

Beidh bronnadh ar leith ag Gaelscoil Eoghain ar an Chorr Chríochach, Tír Eoghain, le ceiliúradh a dhéanamh ar an ghradam TOPS (Taking Outdoor Play Seriously) atá buaite acu.

Is togra de chuid Playboard NI é TOPS agus ag tús na bliana roghnaíodh deich gcinn as 200 scoil sa Tuaisceart chun tabhairt faoi. Is í Gaelscoil Eoghain an t-aon Ghaelscoil a bhí páirteach sa tionscadal.

Labhair Meon Eile le hAlicia Ní Eochaidh agus Seána Woods ón Ghaelscoil agus le Shauneen McCusker ó Playboard NI faoin ghradam. Dar leo, tá difear soiléir suntasach le feiceáil fud fad na scoile maidir le súgradh, sonas agus samhlaíocht na bpáistí.

Close
Close