Aire a thabhairt do mhadaí sa teas mór

Bíonn muid uilig ar bís ag an am seo bliana agus an ghrian ag spalpadh anuas orainn, ach is tréimhse iontach contúirteach é d'ainmhithe, go háirithe do pheataí ar nós madaí. Is féidir leis an teas dochar uafásach a dhéanamh dóibh agus fiú iad a mharú i ndroch-chásanna.

Bhí roinnt scéalta brónacha ann le linn an teaspaigh mhóir ar na mallaibh faoi mhadaí a fuair bás cionn is go raibh siad amuigh faoin ghrian ró-fhada nó go raibh siad faoi ghlas taobh istigh de charr.

Chuaigh Meon Eile i dteagmáil le Ellen Hegarty, tréidlia as Báile Átha Cliatha, le moltaí agus comhairle a fháil faoi na dóigheanna is fearr le haire ceart a thabhairt do na madaí le linn theas an tsamhraidh.

Close
Close