Ag foghlaim faoin spéir ag Gaelscoil na bhFál

Tá níos mó daoine ag tabhairt faoi deara an tábhacht a bhaineann le bheith taobh amuigh faoin spéir, go hairithe anois agus an chuid is mó den daonra ag obair ón teach. 

Ar na mallaibh, chuaigh Seán Fennell, múinteoir ó Ghaelscoil na bhFál, i dteagmháil le Fionntán Ó Mealláin chun cuidiú le tionscadal foghlama a dhéanamh taobh amuigh den scoil. Is dearthóir grafaicí agus iar-mhúinteoir scoile é Fionntán agus thosaigh an bheirt acu ag smaoineadh ar rud éigin oideachasúil daite a chur taobh amuigh den scoil. 

An toradh ar an obair ná seacht gclár foghlama atá ar bhallaí an chlóis anois, agus iad ag tabhairt eolais faoin tíreolaíocht, mata, stair agus eolaíocht, le go mbeidh na páistí in ann foghlaim taobh amuigh.

Labhair Meon Eile le Fionntán faoin togra agus le triúr daltaí ó Rang 7. Tá an scoil ar fad bródúil as na cláir agus ar bís le tairbhe a bhaint astu.

Close
Close