I bhfad ó bhaile: tionchar COVID-19 i gCeanada

Agus na mílte Gael ina gcónaí thar lear, labhraíonn Meon Eile leis an diaspóra faoi thiochar COVID-19 ar shaol an uile lae ar fud an domhain agus faoin dóigh a mothaíonn siad agus iad i bhfad ó bhaile sa tréimhse chorraitheach seo ina bhfuil muid.

Tá Dean Ó Fearail ag cur faoi in Fredericton, New Brunswick, áit ar chaith sé dhá bhliain ag teagasc na Gaeilge mar chuid den chlár ‘Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada’. Dúnadh Ollscoil Fredericton cúpla seachtain ó shin de dheasca an víris agus tá Dean anois ag teagasc trí Google Classroom ón bhaile.

Labhraíonn Dean linn faoi na beartais chosanta eile atá curtha i bhfeidhm i gCeanada chun an cuar a chothromú agus na deacreachtaí a bhaineann leo. Chinn Dean gan teacht abhaile go hÉirinn ag an phointe seo nó ní raibh sé ag iarraidh dul sa tseans leis an víreas ar eagla go dtabharfadh sé abhaile leis é.

Close
Close