Féile William Kennedy 2022 ar siúl ar na mallaibh in Ard Mhacha

Bhailigh scaifte ollmhór le chéile i gcathair Ard Mhacha ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 28ú bliain de Fhéile Píobaireachta William Kennedy.

Tá an fhéile á heagrú ag Píobairí Ard Mhacha ón bhliain 1994 agus tá fás agus forbairt mhór tagtha uirthi i gcaitheamh na mblianta.

Ní do mhuintir na háite amháin í ar ndóigh mar is féile idirnáisiúnta í a bhfuil clú nach beag uirthi in go leor tíortha eile ar fud na domhan. Tugadh cuireadh do neart ceoltóirí mór le rá teacht agus seinm san fhéile, ó áiteanna amhail an Iodáil, an Phortaingéil, Meiriceá agus an Ísiltír, chomh maith le Sasana agus Albain. Mar sin, meallann sin lucht éisteachta idirsnaisiúnta agus bíonn cuarteoirí ag teacht ar ais bliain i ndiaidh bliana.

Cuireadh réimse leathan imeachtaí ar siúl do gach duine arís i mbliana, ó na ceolchoirmeacha móra in Áras na bPíobairí, san Eaglais Phreispitéireach, in Leabharlann Robinsons agus in Óstán Ard Mhacha. Cuireadh ranganna teagaisc ar siúl faoi choinne gach leibhéil le sarmhúinteoirí atá bainteach leis an chlub. Osclaíodh taispeántas de chuid Lorcan Vallely i rith na féile in Áras na bPíobairí - is ealaíontóir iontach é Lorcan atá lonnaithe in Ard Mhacha, agus is mac le hEithne agus Brian Vallely é.

Labhair Meon Eile le hEithne Vallely, stiúirthóir ceoil Píobairí Ard Mhacha, le hÉamonn Ó Corráin, iardhalta, teagascóir agus déantóir píob uilleann le Píobairí Ard Mhacha agus le hAngus Lambkin atá ag foghlaim an bpíob go díograiseach le seacht mbliana anuas.

Close
Close