Ag toiseacht dóibh i mBunscoil Fane Street, Béal Feirste, maidin Dé Luain, chuaigh grúpa scríbhneoirí ar thuras bus thart ar an Tuaisceart mar chuid den togra ‘Whole Wild World North’ in éineacht le Leabhair Pháistí Éireann agus Laureate na nÓg, Patricia Forde. Críochnóidh an turas in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar an 27 Feabhra.
Thug Meon Eile cuairt ar an dara stop den turas i gCultúrlann McAdam Ó Fiach ar Bhóthar na bhFál, Iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh léitheoireacht agus ealaín ar bun ag páistí bunscoile ó Ghaelscoil na bhFál agus Scoil na Seolta.
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg a dhéanann ceiliúradh ar scríbhneoir do pháistí i nGaeilge agus i mBéarla agus a bhronntar uair amháin gach trí bliana. Tá Patricia Forde ina Laureate na nÓg don tréimhse 2023-26 agus labhair sí linn faoin tábhacht a bhaineann le leabhair páistí agus an próiseas scríbhneoireachta atá aici.
Bhí an scríbhneoirí do pháistí Sadhbh Devlin mar chuid den fhoireann ealaíontóirí seo agus d’inis sí dúinn faoin atmaisféar dearfach a bhí ann agus na buntáistí atá ag baint leis an leabhar fisiciúil go fóill, go háirithe do pháistí óga.


