Tús an fhéilire ealaíne ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tá bailiúchán ealaíne leis an ealaíontóir Dermott McQuillan (dmcq) le feiceáil sna Ballaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste faoi láthair. Agus is leis an taispeántas sin a chuirtear tús leis an fhéilire ealaíne atá beartaithe ag painéal ealaíne an lárionaid don bhliain amach romhainn.

Bhí gailearaí na mBallaí Bána lán nuair a seoladh an taispeántas ar na mallaibh agus bhí dmcq ann le míniú don slua go n-úsáideann sé an iliomad dathanna le saothar gan chruth agus gan foirm a tháirgeadh. Ceann de na téamaí is mó atá le feiceáil ina chuid ealaíon ná tionchar an tsolais agus an teasa, rud a théann i bhfeidhm air agus é ina chónaí sa Spáinn. Dúirt sé le linn an tseolta go raibh a chroí crochta ar na ballaí agus a chuid ealaíne curtha os comhair an phobail aige.

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le dmcq féin agus le stiúrthóir feidhmeach na Cultúrlainne, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Beidh an taispeántas le feiceáil sa Chultúrlann go dtí an 21 Feabhra.

Close
Close