Trí thaispeántas ealaíne in aon spás amháin

Sheol Cultúrlann McAdam Ó Fiaich trí thaispeántas ealaíne ar an oíche chéanna le déanaí, agus is taispeántais iad a éagsúlacht mhór eatarthu.

I nDánlann Dillon, tá balliúchán d'obair an ealaíontóra Dan O’Neill. 'Coming Home' is teideal dó agus tá sé curtha le chéile ag Karen Reihill. 

Ar na Ballaí Bána, tá an taispeántas 'Looking for a Home, a Place to call our Own, a Place where we can be Alone' le Patrick Hickey ina léiríonn sé féiniúlacht fear aerach.

Tá an triú taispeántas 'Ag Labhairt fríd an Chaille' le Farhad O’Neill sa chaifé thíos staighre agus dírítear ann ar thionchar insintí meánaoiseacha agus ar an fhealsúnacht nádúrtha.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh mór agus labhair muid le Patrick Hickey faoin obair a rinne sé. Bhí comhrá againn fosta leis an Aire Jack Chambers a bhí ar cuairt sa chathair agus le Brónagh Fusco ón Chultúrlann féin.

Beidh na trí thaispeántas ar leith seo le feiceáil go dtí an 14 Lúnasa. Tá obair Patrick agus Farhad ar díol agus tá tuilleadh eolais le fáil faoina saothar ón Chultúrlann.

Close
Close