An tionscadal 'Faoi Scáth an tSléibhe' ar fáil go digiteach

Tá tionscadal úr seolta ag Glór na Móna a bhfuil sé mar aidhm aige stair agus oidhreacht phobal an Uachtar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

'Faoi Scáth an tSléibhe' is teideal don tionscadal atá fréamhaithe i scéal na ndaoine ón Uachtar Chluanaí agus ó mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú agus ina gcumas eiseamláireach chun tograí spreagúla féinchuidithe a fhorbairt le 50 bliain anuas. Tá cartlann de ghrianghrafanna, agallaimh agus podchraoltaí le fáil a thugann léargas ar stair shaibhir an cheantair.

Labhair Meon Eile le stiúrthóir an tionscadail, Feargal Mac Ionnrachtaigh, agus le ceamaradóir an tionscadail, Dan Mac Liam, faoin phróiseas a bhí acu le taighde a dhéanamh, scéalta a aimsiú agus daoine a roghnú le cur faoi agallamh. Tá sé beartaithe ag Glór na Móna cartlann 'Faoi Scáth an tSléibhe' a chur ar fáil do chuairteoirí le gur féidir leo foghlaim faoi scéal an cheantair atá ag bun chnoic Bhéal Feirste.

Is féidir teacht ar shuíomh 'Faoi Scáth an tSléibhe' anseo: https://www.faoisat.com/

Close
Close