Timpeall an Domhain i mBéal Feirste

Lá Feirste / Sarah de Búrca

Bhí daoine ó gach cearn den domhan le feiceáil ag Halla Uladh i mBéal Feirste ar an Domhnach seo caite, agus iad ar fad ag ceiliúradh Lá Feirste. Bhí Lá Feirste ar siúl don dara bliain as a chéile agus bhí slua mór i láthair.

Shocraigh Gavin Robinson DUP, an tArd-Mhéara anuraidh, tús a chur le Lá Feirste agus bhí an tArd-Mhéara reatha, Máirtín Ó Muilleoir, iontach sásta leis an méid daoine a bhí ann ag glacadh páirte sna himeachtaí éagsúla.

Bhí gach duine ábalta pas a fháil agus stampaí a fháil ar an bpas tar éis dóibh ‘cuairt’ a thabhairt ar na tíortha éagsúla.

Bhí an deis ag daoine teangacha agus damhsaí éagsúla a fhoghlaim ar an lá. Bhí bia idirnáisiúnta ar fáil chomh maith agus daoine ag streachailt leis na chopstiks!

Bhí Meon Eile ann agus iad sáite i lár an chultúir ar fad.

Close
Close