The Gloaming

D’eagraigh Moving on Music agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain gig de chuid The Gloming san Empire Music Hall le gairid. Grúpa úrnua atá ann, comhdhéanta de Martin Hayes, Caoimhín Ó Raghallaigh, Iarla Ó Lionaird, Denis Cahill agus Thomas Bartlett. Tá na ceoltóirí seo ar fad aitheanta as a gcumas féin, agus nuair a cuirtear le chéile iad, tarlaíonn rud éigin speisialta.

Tháinig siad le chéile don chéad úr i mí Feabhra 2011 i Grouse Lodge Studios i gContae na hIarmhí, agus é ar intinn acu rud éigin as an ghnáth a dhéanamh. Le camcuairt timpeall na tíre an fómhar seo caite, agus a chéad albam taifeadta acu ó shin, is léir gur seo tús le tionscnamh suntasach.

Tá “The Gloaming Live in Dublin” le cloisteáil ar an nasc thíos, agus beidh an céad albam á éisiúint acu i 2013.

The Gloaming / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close