‘The Discovery Lectures’ le IMRAM

Bhailigh acadóirí agus scríbhneoirí le chéile in Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar na mallaibh chun éisteacht le sraith léachtaí i mBéarla faoi théamaí agus ábhair a bhaineann le litríocht na Gaeilge.

Is í an fhéile litríochta IMRAM a deagraigh na léachtaí seo chun saibhreas na Gaeilge a chur in iúl dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge, nó fiú daoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu.

Cuireadh trí léacht i láthair ar an lá ar ábhair éagsúla le scríbhneoirí agus saineolaí atá aitheanta i litríocht na Gaeilge: Rody Gorman a thug léacht ar Bhuille Shuibhne (Sweeneys Madness); Caitlín Nic Íomhair a labhair faoi fhicsean coireachta, agus Máirín Nic Eoin, a labhair faoi litríocht na himirce.

Labhair Meon Eile le Máirín Nic Eoin, scríbhneoir, saineolaí litríochta agus ollamh le Gaeilge i gColáiste Naomh Pádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Phléigh Máirín eispéireas na himirce Éireannaí agus an dóigh ar léiríodh é i bhficsean, filíocht agus amhránaíocht.

Is é Liam Carson Stiúrthóir IMRAM agus dinis sé dúinn faoin fháth ar chinn siad na léachtaí a chur i láthair i mBéarla, agus é ag iarraidh daoine a spreagadh i dtreo litríocht na Gaeilge.

Close
Close