Taispeántas Ealaíne: True Colours


Cuireadh tús leis an taispeántas ealaíne 'True Colours' sna 1960í chun ardán a thabhairt do shaothar daltaí GCSE agus A Leibhéil, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.

Bíonn sé á eagrú ag CCEA agus le hocht mbliana anuas ba in Iarsmalann Uladh, suíomh atá mór go leor leis an saothar uilig a thaispeáint, a bhí sé ar siúl.

Achan bhliain roghnaítear na healaíontóirí óga is fearr, ó scoileanna ar fud Chúige Uladh, chun obair s'acu a chur ar thaispeáint. 

I mbliana roghnaíodh Orla Ní Chorra ó Choláiste Feirste, i measc daltaí eile, le hobair iontach s'aici a léiriú.

Bhí obair ar dóigh deánta ag na healaíontóirí uilig le hardcaighdeán agus cruthaitheacht mhór sofheicthe ina gcuid oibre.

Chuaigh Meon Eile chuig an dánlann leis an obair a fheiceáil agus labhair muid le hOrla, múinteoir s'aici agus Anne McGinn, oifigeach ealaíne agus dearaidh CCEA.

Beidh an taispeántas le feiceáil in Iarsmalann Uladh go dtí an 24 Feabhra.

Mholfainn daoibh go léir dul ann, leis an tsár-obair a fheiceáil.

Close
Close