Taispeántas Ealaíne: Dhá Dhual an Tírdhreacha

I nDanlann Dillon i gCúlturlann Bhéal Feirste faoi láthair tá taispeántas ealáine ó bheirt ealaíontóirí den scoth, mar atá Peadar McDaid agus Karol Mac Gairbheith.

Caitheann Peadar agus Karol a gcuid laethanta ag péinteáil tírdhreacha den dúlra thart orthu. Tá an taispeántas seo dírithe ar áiteanna áirithe i nDún na nGall, contae dúchais na beirte.

Bhí saothar s’acu le feiceáil sa Gallery i dTír Chonaill sula ndeachaigh an taispeántas ar camchuairt náisiúnta.

Bhuail an bheirt ealaíontóirí le chéile cúpla bliain ó shin nuair a bhí Peadar ag teagasc ealaíne i ranganna faoi choinne daoine a raibh fadhbanna meabhairshláinte acu. Bhí Karol ina mhac léinn aige agus chinn siad ar chomhoibriú ar an taispeántas seo.

Chuaigh Meon Eile chuig an seoladh i nDanlann Dillon agus labhair muid le Peadar, Karol agus oifigeach ealaíon na Cultúrlainne, Brónagh Fusco.

Beidh an taispeántas ‘Dhá Dhual an Tírdhreacha’ ar siúl sa Chultúrlann go dtí an 1 Lunása.  Tá tuilleadh eolas ar fáil anseo.

Close
Close