Taispeántas ealaíne Choláiste Feirste ar ais sa Chultúrlann

Tá taspeántas ealaíne Choláiste Feirste ar siúl i nDanlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar feadh míosa, ansin beidh an obair uilig ag bogadh go dtí Áras na bhFál, áit a mbeidh sé ar na ballaí go buan.

Achan bhliain bíonn an Chultúrlann ag tacú le daltaí Choláiste Feirste agus obair ealaíne s'acu a chur ar taispeáint sa lárionad. Le dhá bhliain anuas ní raibh siad in ann sin a dhéanamh áfach de bharr na paindéime mar sin is ábhar áthais agus bróid do gach duine go bhfuil saothar na ndaltaí le feiceáil arís go poiblí.

Labhair Meon Eile le Róisín Nic Giolla Bhríde, an múinteoir ealaíne, comh maith le beirt daltaí scoile faoin obair ghalánta a rinne siad.

Tá an taispeántas oscailte don phobal anois i nDanlann Dillon go dtí an 25 Samhain. Le tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close