Taispeántas ealaíne nua seolta ag Tony Bell

Is ealaíontóir aitheanta é Tony Bell a bhíonn ag péinteáil pictiúirí tírdhreacha agus portráidí.

I measc a chuid saothar tá portráid chlúiteach de Martin McGuinness, atá go fóill crochta i Halla na Cathrach i mBéal Feirste.

‘Daoine Speisialta, Áiteanna Speisialta’ is teideal dá thaispeántas nua, a seoladh i nDánlann Dillon sa Chultúrlann ar na mallaibh.

Tá an chúis le hainm an taispeántais le feiceáil chomh luath agus a shiúlann tú fríd an doras - ón Earagail go dtí portráid de George Best, tá sé uilig ann.

Olaí agus aicriligh a d'úsáid Tony sna saothair seo, a bhaineann le háiteanna agus daoine ó shaol an chultúir, an spóirt, na polaitíochta agus na teanga féin.

Críochnóidh an taispeántas go luath mar sin gabh ann gan mhoill chun an ealaín speisialta seo a fheiceáil.

Close
Close