Lá Domhanda na nGrianghraf

Deirtear gur féidir míle focal a insint le haon ghriangraf amháin. Tá ról lárnach ag an ghrianghraf inár saol le fada agus inniu déantar ceiliúradh ar Lá Domhanda na nGriangraf.

Ón 19ú haois i leith, tá an grianghraf ar cheann de na foirmeacha meán agus ealaíne is coitianta dá bhfuil ann agus níl aon laghdú ar an tóir sin, ach a mhalairt. Tá grianghrafadóirí agus ealaíontóirí in ann léargais éagsúla a thaispeáint lena n-íomhánna in go leor stíleanna, agus is iomaí breiseán, scagaire, bogearra agus eile a bhaineann leis an cheamara féin, idir chinn dhigiteacha agus chinn thraidisiúnta.

Thug Meon Eile cuairt ar an taispeántas ealaíne ‘Fírinne agus Bréag’ le triúr ealaíontóirí ón Chóiré Theas, Seung Woo Back, Heeseung Chung agus Yeondoo Jung.

Tá cur chuige éagsúil acu uilig. Bhaineann Yeondoo Jung úsáid as seiteanna agus gearrthóga cairtchláir ina chuid grianghráf. Úsáideann Seung Woo Back mionsabhlacha d'fhoirgnimh cháiliúla, cosúil leis an Taj Mahal, ach iad suite in áiteanna sa Chóiré - leis an dóigh a nglacann sé an griangraf, tá an chuma air go bhfuil an foirgneamh suite ansin. Agus Heeseung Chung, rinne sé bosca le pictiúirí istigh ann, agus ag brath ar an radharc atá agat agus tú ag amharc isteach sna poill amhairc, is féidir nithe éagsúla a fheiceáil.

Bhuail Meon Eile le Bronagh Fusco, Oifigeach Ealaíon agus Pobail Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus le Michael Weir, stiúrthóir an Belfast Photo Festival, agus labhair an bheirt acu linn faoin taispeántas speisialta seo...

Close
Close