Tábhairne Leo ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód

Bhí féile mhór ceoil i Mín na Leice i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine agus Tábhairne Leo ag ceiliúradh 50 bliain ar fhód.

Tháinig na céadta ó gach cearn den domhan le haghaidh na féile agus i measc na gceoltóirí a chuaigh ar an ardán mar chuid don cheilúradh, bhí Daniel O’Donnell, Phil Coulter, Donovan, Hazel O’Connor, Clann Mhic Ruairí agus Clannad iad féin.

Cheannaigh Leo Brennan, nach maireann, agus a bhean chéile Baba, Tábhairne Leo i Mín na Leice i gCroithlí in 1968, agus d'oscail siad an chéad tábhairne ceoil sa cheantar.

Ba sa teach tábhairne seo a thosaigh a gcuid iníonacha Enya agus Moya Ní Bhraonáin amach, agus baill eile den teaghlach atá sa ghrúpa ceoil aitheanta, Clannad.

Bhí clú ar Leo mar fhear ceoil agus chaith sé blianta fada leis an bhanna, an Slieve Foy. 

Bhí an ceol san fhuil ag Baba fosta a chaith blianta ag obair ina múinteoir ceoil.

Ní taisme é mar sin gur thug siad an traidisiún ceoil sin ar aghaidh chuig an naonúr clainne a bhí acu.

Ba i dTábhairne Leo a chaith Leo agus a theaghlach na blianta ag cur ceoil ar fáil do na cuairteoirí uilig as gach cearn den domhan a bhíodh ag tarraingt ar an cheantar gach bliain. 

Deirtear go mbíodh Leo ag tarraingt pionta bomaite amháin agus bomaite ina dhiaidh, bhíodh sé ag bualadh ar an bhosca ceoil.

Tá an teach tábhairne á reáchtáil ag a mhac Beartlaí agus a theaghlach anois, agus mar a bhí le feiceáil ag an deireadh seachtaine, tá an chéad ghlúin eile de cheoltóirí Chlann Uí Bhraoináin ag teacht fríd i gClannad. 

Is léir go bhfuil an oidhreacht shaibhir seo slán sábhailte don chéad 50 bliain eile.

Close
Close