Suíomh idirlín nua 'A History of Ireland in 100 Words’

Le breis agus 15 bliana anuas, bhí an triúr scólairí Gaeilge - an tOllamh Gregory Toner, an tOllamh Máire Ní Mhaonaigh agus an tOllamh Sharon Arbuthnot - ag obair ar an tionscadal ‘A History of Ireland in 100 Words’.

Go dtí seo, tá foclóir, leabhar, taispeántas ealaíne agus anois suíomh idirlín ag an togra a dhíríonn ar stair agus ar scéal focal Gaeilge, mar aon le léaráidí bríomhara chun an t-ábhar a thabhairt chun beatha.

Úsáidtear focail agus seanscéalta ón traidisiún chun tuiscint níos fearr a thabhairt ar shaol an ghnáthdhuine fadó.

Le tamall anuas, bhí an triúr ag obair ar shuíomh úr a sheoladh, suíomh ar a bhfuil focail ar léith ón leabhar agus ón fhoclóir agus míniú níos doimhne ag gabháil le sanasaíocht na bhfocal.

Mar a mhínigh Greg i leith an fhocail “Urlár

“…ciallaíonn an focal ‘sa lár’. Fadó in Éirinn, bhí an chuid is mó de na tithe ciorclach agus bhí an t-urlár i lár an tí…”

Tá na hollúna ag súil go mbeidh an suíomh úr seo ina chuidiú ag daltaí scoile, mic léinn agus duine ar bith a bhfuil suim aige i stair na tíre.

Is féidir an suíomh a aimsiú anseo agus tá an leabhar féin ‘A History of Ireland in 100 Words' le fáil anseo.

Close
Close