Stiúideo Feirste seolta

Thug Meon Eile cuairt ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste le déanaí chun a stiúideo taifeadta nua, Stiúideo Feirste, a fheiceál agus iad á sheoladh go hoifigiúil.

Bhí an stáisiún raidió dubh le cuairteoirí le sult a bhaint as an cheol, spraoi agus bia.

Thíos staighre sa chaifé, An Lon Dubh, bhí óráidí agus ceol ann mar aon le haíonna spéisialta i rith an lae a bhí lárnach i mbunú Raidió Fáilte - daoine a chabhraigh leis an stáisiún a bhunú nuair a bhí sé ina stáisiún bradach i ndíon Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go dtí an fhoireann nua a bhunaigh Stiúideo Feirste, áit ar féidir ceol a thaifeadadh ar ardchaighdeán.

Labhair muid le beirt de na baill foirne nua seo, Eoghan Mór Ó Néill agus Darragh Mac Dónaill. Bhí siad dís ar bís faoi na féidearthachtaí a bhaineann leis an stiúideo nua agus tá siad ag súil go mór le fáilte a chur roimh amhránaithe agus ceoltóirí as seo amach.

Close
Close