Sorcas Pobail na Gaillimhe

Sorcas Pobail na Gaillimhe

Ag siúl ar chosa croise, cleasghleacaithe agus lámhchleasaithe, seo díreach cuid de na scileanna a bhíonn á bhfoghlaim ag páistí de chuid Sorcas Pobail na Gaillimhe.

Bunaithe in 2002, tá fás agus forbairt tar éis theacht ar an scoil sorcais a thosaigh amach le 20 páiste ach anois a bhfuil breis agus 150 cláraithe ann.

Dúirt duine de na teagascóirí Blue Hanley, gur “ais iontach atá ann do pháistí nach bhfuil suim acu i spórt cosúil le peil nó cispheil, go dtugann sé seans daofa a bheith aclaí ar bhealach eile agus go gcuireann sé lena gcuid féinmhuinín chomh maith”.

Thug ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill cuairt ar an sorcas ar na mallaibh le fáil amach giota beag níos mo fá cad a bhíonn ar siúl acu agus le labhairt leis na páistí agus teagascóirí fán ról ata ag an sorcas ina saolta.

Sorcas Pobail na Gaillimhe
Close
Close