‘Sílim That’- Podchraoladh le Kathryn Ní Mhaoláin

Is ceoltóir agus podchraoltóir as Carn Tóchair i gContae Dhoire í Kathryn Ní Mhaoláin a chuir tús lena podcraoladh ‘Sílim That’ nuair a bhí sí ina cónaí i mBarcelona beagnach bliain go leith ó shin. Thug sí faoi deara ag an am nach raibh mórán podchraoltaí as Gaeilge ag díriú ar an fhéinchúram agus ar an mheabhairshláinte agus, mar sin de, bheartaigh sí tabhairt faoi.

Bíonn réimse leathán ábhair á phlé aici féin agus le haíonna speisialta. Agus an podchraoladh ag dul ó neart go neart, thosaigh Kathryn ar fhíseáin ar TikTok agus Instagram a dhéanamh chun lucht éisteachta a mhealladh agus tá pobal á chothú aici de réir a chéile.

Thug Meon Eile cuairt ar Kathryn agus labhair sí linn faoi na spriocanna atá aici don phodchraoladh amach anseo agus an dóigh ar athraigh sé ón tús.

 Thig leat Kathryn a leanúint ar na meáin shóisialta anseo

Close
Close