SIAN ag Skye Live 2019

Den chúigiú bliain as a chéile, thuirling na sluaite ar Eilean Sgitheanach na hAlban don fhéile cheoil, 'Skye Live'.

Is féile í seo a chuireann béim ar mheascán den cheol traidisiúnta agus den cheol damhsa. Banna ceoil amháin a bhí ar an ardán ag féile na bliana seo ná SIAN.

Tugann an giotáraí Innes White tionlacan d'Eilidh NicCarmaig, Ellen NicDhòmhnaill agus Caitlin Lilidh sa bhanna, agus tá béim ar an chomhcheol i gceol SIAN. Amhráin thraidisiúnta Ghàidhlig a bhíonn á gcanadh acu, agus na mná a bhíonn le cluinstin den chuid is mó.

Bhuail Meon Eile le SIAN ag Skye Live chun labhairt faoin bhanna agus faoin fhéile féin.

Close
Close