'United Nation' - leabhar nua a chíorann ceist an aontaithe

Sheol an t-údar aitheanta Frank Connolly a leabhar nua 'United Nation' i Leabharlann Halla an Línéadaigh i gcroílár Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Is leabhar é seo ina bhfuil agallaimh éagsúla le daoine a thugann léargas ar cheist aontú na hÉireann - ón pholaitíocht go dtí an tsláinte agus go leor gnéithe eile den saol - agus a labhraíonn faoin tionchar a bheadh ag Éirinn aontaithe ar an staid ina bhfuil an tír.

Labhair muid le Frank faoina shaothar úrnua agus le Niall Murphy, agallaí sa leabhar, faoin táithí a bhí aige féin ar an chóras sláinte nuair a bhí sé tinnn leis an choróinvíreas. Luaigh Niall an tábhacht a bhaineann le plé a dhéanamh ar Éirinn aontaithe agus go mbeidh daoine ar an eolas faoi cad é atá i gceist leis.

Tá 'United Nation' le fáil anois go forleathan.

Close
Close