Bhí farraige dhearg le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh agus leabhar nua Mháire Zepf, ‘Dearg’, á sheoladh.
Is úrscéal saorvéarsaíochta do dhéagóirí é ‘Dearg’ a dhíríonn ar fheachtasaíocht na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar chailín óg ciúin, Fionn, a bhfuil an-phaisean aici don ghluaiseacht agus a bheartaíonn ar a guth a úsáid ar son na teanga, in ainneoin a cúthaileachta. Nuair a tharlaíonn eachtra ghránna ina saol pearsanta, áfach, caithfidh Fionn an misneach a aimsiú le labhairt amach ar a son féin chomh maith.
Chuala a raibh i láthair ag an tseoladh ó Éadaoin Ní Dhomhnaill ó Futa Fata, an comhlacht a d’fhoilsigh ‘Dearg’, agus ar ndóigh, ó Mháire Zepf féin agus í ag labhairt le Caoimhe Ní Chathail – a bhí mar bhean an tí ar an lá – faoin scéal, faoin tsaorvéarsaíocht agus faoi na gnéithe den tsaol a spreag a cuid scríbhneoireachta.
