Seisiún Bricfeasta agus slán le Seachtain na Gaeilge.

Seisiún Bricfeasta agus slán le Seachtain na Gaeilge.
Seisiún Bricfeasta agus slán le Seachtain na Gaeilge / Sarah de Búrca

Bhí seisiún bricfeasta lán le bia agus Gaeilge ar siúl ag an Droichead ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste le déanaí.

Bhí deis ag páistí chomh maith le tuismitheoirí sos a ghlacadh ón lá gnóthach agus a scíth a ligean.

Bhí Gaeilge á labhairt ag páistí agus tuismitheoirí araon agus cé go raibh daoine ann nach raibh líofa, bhí siad ag foghlaim cúpla focal. Imeacht suimiúil spreagúil a bhí ann agus chuir sé go mór le himeachtaí Seachtain na Gaeilge.

Tá Seachtain na Gaeilge anois thart ar feadh bliana eile ach beidh an Droichead ag eagrú i bhfad níos mó imeachtaí idir an dá linn chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus is cinnte go mbeidh neart ceoil, spraoi agus craic i gceist.

Bí cinnte chun súil a choinneáil amach do na himeachtaí seo ar shuíomh idirlín an Droichead.

Close
Close