Sean-Nós na Fearsaide 2023

Bhí Áras Mhic Reachtain ag pléascadh le ceol, damhsa agus scéalaíocht an deireadh seachtaine seo caite.

Is é Sean-Nós na Fearsaide ba chúis leis sin, féile a dhéanann ceiliúradh ar ealaín an tsean-nóis agus ag a raibh scoth na gceoltóirí i láthair aici i mbliana ón Aoine go dtí an Luan.

I measc na mórimeachtaí seoladh cartlann úr ar shaol agus ar shaothar Sheáin Mhic Aindreasa, amhránaí agus scríbhneoir amhrán a chaith a shaol ag obair ar son phobal na Gaeilge.

Labhair Meon Eile le Caoimhe Ní Chathail a bhí mar bhean an tí don ócáid agus labhair muid chomh maith le Maedhbh Nic Aindreasa, gariníon Sheáin a dúirt cúpla amhrán lena linn.

Is féidir blaisín de sheoladh na féile a fheiceál san fhíseán thíos.

Tá Cartlann Sheáin Mhic Aindreasa ar fáil anseo.

Close
Close