Seán agus an Gas Pónaire


Traidisiún mór ag an am seo bliana é geamaireacht a chur ar fáil do phaistí óga agus dóibh siúd nach bhfuil chomh hóg sin!

I mbliana tá Ababú ag cur an scéil ‘Seán agus an Gas Pónaire’ ar ardán na hamharclainne i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Máire Andrews a scríobh an dráma agus atá á stiúradh.

Tá triúr aisteoirí sa dráma agus tá róil éagsúla roinnt eatarthu, rud a chuireann seó greannmhar bríomhar ar siúl don lucht féachana.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an fhoireann agus iad i mbun cleachtaidh le blaisín den dráma a fháil.

Labhair muid le Máire agus na haisteoirí Conor Torbróid, Drithle Nic Adhaimh agus Dónall Mac Giolla Chóill, a rinne cur síos ar an scéal agus ar na nithe atá de dhíth chun geamaireacht a chur ar ardán.

Close
Close