Seachtain na Leabhar do Pháistí agus Project 5

Is seachtain thábhachtach í Seachtain na Leabhar do Pháistí, atá ar siúl faoi láthair, an 8-14 Samhain. Is am é seo le páistí a spreagadh le leabhair a léamh, rud a chuidíonn go mór lena n-inchinn agus a samhlaíocht a fhorbairt.

Thug Meon Eile cuairt ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh ar na mallaibh a ghlac pairt sa tionscadal ‘Project 5’ a d’eagraigh an t-údar Myra Zepf. Tionscadal é seo a chruthaigh nasc idir scríbhneoirí/maisitheoirí agus léitheoirí óga i bhforim fíorúil.

Bhí cúig scoil páirteach ann, mar aon le cúigear scríobhneoirí/maisitheoirí, cuireadh cúig cheist orthu agus, sa deireadh, léiríodh cúig fhíseán.

Bhí na páistí ón bhunscoil ar bís go bhfuair siad deis ceisteanna a chur ar an mhaisitheoir Aisling Lindsay. Chuaigh an plé i gcion orthu agus anois tá cuid acu ag smaoineamh ar ghairm bheatha in earnáil na leabhar.

Labhair muid le Myra Zepf faoin tionscadal agus le Michael Gerard Ó Dochartaigh, múinteoir Rang 7 i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh, chomh maith le roinnt daltaí a ghlac pairt in 'Project 5' i mbliana.

Téigh anseo le níos mó eolais a fháil ar an tionscadal agus leis na cúig fhíseán den scoth a fheiceáil.

Close
Close