Say My Ainm - Gearrscannán faisnéise le Ola Majekodunmi

Is gearrscannán faisnéise é ‘Say My Ainm’ a dhíríonn ar an tábhacht a bhaineann lenár n-ainmneacha.

Is minic a bhíonn fadhb ag daoine ainmneacha Gaeilge nó ainmneacha i dteangacha eile a rá mar is ceart agus léiríonn scéalta an deichniúir atá sa scannán gur mór is fiú am a thógáil chun ainm duine a fhuaimniú go measúil ar an dóigh cheart.

Is é ábhar é seo atá gar do chroí an léiritheora/stiúrthóra, Ola Majekodunmi, agus shocraigh sí aird a léiriú ar an cheist trí scéalta pearsanta cumhachtacha.

Tá an gearrscannán féin le feiceáil ar Youtube agus tá tuilleadh eolais faoi le fáil anseo.

Close
Close